Do chéad fáilte go dtí Nuachtlitir Oireachtas na Gaeilge

Lóchrann an Oireachtais

Do chéad fáilte go dtí ár Nuachtlitir. Coinnigh suas chun dáta le nuacht agus le himeachtaí na heagraíochta le linn na bliana.
Imeachtaí na Féile, Dé Sathairn, 24 Deireadh Fómhair 2020

Imeachtaí na Féile, Dé Sathairn, 24 Deireadh Fómhair 2020

Fáilte ar ais chuig Lá 2 d’Oireachtas Fíorúil na Samhna!
Tá lá lán de cheol, d’amhránaíocht agus de dhamhsa os ár gcomhair inniu.
Ar an gclár, beidh imeachtaí Gaeilge a eagraíodh ar Oíche Chultúir na bliana seo, Siansa Gael Linn 2013, rogha de scoth an cheoil traidisiúnta ó dhaoine óga a bhí rannpháirteach i ‘Slua le Bua’ a reáchtáil Cumann na bhFiann le linn na Pandéime agus eagrán fíor-speisialta de Céilí House ar RTÉ Raidió 1 @ 9.00 p.m.
Cuirfear tús le himeachtaí an lae ag 11.00 a.m. le ceolchoirm Gael Linn ‘Abair Amhrán Linn’.
Agus ná déan dearmad go mbeidh súil siar ar Bhuaiteoirí Steip ó 2010 -2015 ar TG4 & ar www.antoireachtas.ie ag 7.15 p.m.
Neart le teacht, bí linn!
#OnaS2020

Féach ar Imeachtaí an Lae Anseo →

An tOireachtas
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 VH98

Díchláraigh   •   Féach ar an ríomhphost seo le do bhrabhsálaí