Do chéad fáilte go dtí Nuachtlitir Oireachtas na Gaeilge

Lóchrann an Oireachtais

Do chéad fáilte go dtí ár Nuachtlitir. Coinnigh suas chun dáta le nuacht agus le himeachtaí na heagraíochta le linn na bliana.
Imeachtaí na Féile, Dé Domhnaigh, 25 Deireadh Fómhair 2020

Imeachtaí na Féile, Dé Domhnaigh, 25 Deireadh Fómhair 2020

Fáilte ar ais chuig Lá 3 d’Oireachtas Fíorúil na Samhna!

Cloisfimid scoth an cheoil ó Shiansa Gael Linn ó 2014 agus scoth na n-amhránaíochta nuachumtha ón gcomórtas tallainne a reáchtáil Cumann na bhFiann níos luaithe i mbliana, ‘Slua le Bua’. Caithfimid súil siar freisin ar imeachtaí Gaeilge a reáchtáladh ar Oíche Chultúir 2020 le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta.

Cuirfear tús fileata le himeachtaí ag meán lae inniu leis an ócáid álainn a reáchtáil Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, le tacaíocht ón Oireachtas, ar Oíche Chultúir na bliana seo, Bàrd-File-Bardd, ina bhfuil saothair i nGaeilge, i mBreatnais agus i nGaeilge na hAlban.

Críochnóidh an lá ag 9.00 p.m le heagrán speisialta de chlár Aoife Nic Cormaic, ‘The Rolling Wave’ ar RTÉ Raidió 1.

Neart le teacht, bí linn!
#OnaS2020

Féach ar Imeachtaí an Lae Anseo →

An tOireachtas
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 VH98

Díchláraigh   •   Féach ar an ríomhphost seo le do bhrabhsálaí