Imeachtaí an Lae, Dé Máirt, 27 Deireadh Fómhair 2020
Fáilte ar ais chuig Lá 5 d’Oireachtas Fíorúil na Samhna!
Cuirfear tús le himeachtaí an lae ag 10.00 a.m. le Campa Cúla4 a bheidh bunaithe ar na Taibhealaíona Traidisiúnta Teangabhunaithe.
Ag 12.00 p.m. meánlae is ea a fhógrófar Buaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2020.
Ag 3.00 p.m., beidh deis eile ag an bpobal féachaint siar ar Ócáid Bhronnta na nGradam Foilsitheoireachta agus Seoladh Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge.
Ag 5.00 p.m., leanfar le ‘Glór an Fhómhair’, sraith cainteanna de chuid Ghlór na nGael.
Ag a 8.00 p.m., beidh eagrán speisialta de 7LÁ á chraoladh ar TG4. Sa gclár seo, beidh Máirín Ní Ghadhra ag caint le daoine óga ó cheantair Ghaeltachta maidir lena dtaithí féin ar shaol an lae inniu, agus freisin ar a gcuid tuairimí faoin dtodhchaí.
Déan cinnte go gcoinníonn tú súil ar na meáin shóisialta chomh maith don tsraith físeáin ó Thuismitheoirí na Gaeltachta ina mbeidh scéalaíocht, amhráin, sceitse, dán nua-chumtha agus damhsa ar an sean-nós ó ghasúir óg na Gaeltachta. Coinnigh súil freisin ar Tuairisc.ie, áit a mbeidh leathanaigh gníomhachtaí le téama Oireachtais ar fáil do ghasúir le híoslódáil a bhuíochas do Thuismitheoirí na Gaeltachta.
Neart le teacht, bí linn! #OnaS2020
|