Imeachtaí an Lae, Dé Céadaoin, 28 Deireadh Fómhair 2020
Fáilte ar ais chuig Lá 6 d’Oireachtas Fíorúil na Samhna!
Cuirfear tús le himeachtaí an lae ag 9.00 a.m. le seimineár de chuid an Choimisiúin Eorpaigh i gcomhar leis An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le gairmeacha le Gaeilge san Aontas Eorpach. Ní ócáid phoiblí í seo.
Beidh Campa Cúla4 faoi na Taibhealaíona Traidisiúnta Teangabhunaithe le feiceáil ar TG4 ag 10.00 a.m. agus arís ag a 4.00 p.m.
Ón 4.00 – 9.00 p.m. inniu, beidh Cumann na bhFiann agus na hógeagrais ar fud an oileáin ag ceiliúradh Scléip na hÓige ar líne. Beidh ceardlanna, tráth na gceist agus ceolchoirm speisialta ar líne le Seo Linn.
Ag 5.00 p.m., leanfar le sraith cainteanna Ghlór na nGael, ‘Glór an Fhómhair’.
Ag 7.30 p.m., fógrófar Buaiteoirí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2020. Bí inár dteannta le haghaidh réaltaí cumarsáide na bliana seo a fheiceáil.
Críochnóidh an lá le neart amhránaíochta ar an sean-nós ar TG4. Beidh Amhrán is Ansa Liom le Nan Tom Teaimín de Búrca ar siúl ag 9.00 p.m. agus díreach ina dhiaidh sin ag 9.30p.m., craolfar an clár Sé mo Laoch le Sarah Ghriallais.
Tabhair cluas éisteachta den chlár Blas ar BBC agus iad ag cuimhniú siar ar an uair dheireanach a raibh an tOireachtas i mBéal Feirste. Éist anseo: bbc.co.uk/gaeilge
Déan cinnte go gcoinníonn tú súil ar na meáin shóisialta chomh maith don tsraith físeáin ó Thuismitheoirí na Gaeltachta ina mbeidh scéalaíocht, amhráin, sceitse, dán nua-chumtha agus damhsa ar an sean-nós ó ghasúir óg na Gaeltachta. Coinnigh súil freisin ar Tuairisc.ie, áit a mbeidh leathanaigh gníomhachtaí le téama Oireachtais ar fáil do ghasúir le híoslódáil a bhuíochas do Thuismitheoirí na Gaeltachta.
Neart le teacht, bí linn! #OnaS2020
|