Do chéad fáilte go dtí Nuachtlitir Oireachtas na Gaeilge

Lóchrann an Oireachtais

Do chéad fáilte go dtí ár Nuachtlitir. Coinnigh suas chun dáta le nuacht agus le himeachtaí na heagraíochta le linn na bliana.
Imeachtaí an Lae, Déardaoin, 29 Deireadh Fómhair 2020

Imeachtaí an Lae, Déardaoin, 29 Deireadh Fómhair 2020

Fáilte ar ais chuig Lá 7 d’Oireachtas Fíorúil na Samhna!

Beidh Campa Cúla4 faoi na Taibhealaíona Traidisiúnta Teangabhunaithe le feiceáil ar TG4 ag 10.00 a.m. agus arís ag a 4.00 p.m.

Ar léigh tú Lúba, úrscéal nua Alan Titley go fóill? Bhuel ag 1.00 p.m. beidh seans cúléisteacht a dhéanamh ar chlub leabhar fíorúil agus Lúba á phlé ann. Bí ag éisteacht le glúin óg na Gaeltachta agus Lúba á chíoradh acu. Ach cé a scaoil an t-údar féin isteach sa seomra? Agus cad a shílfidh sé de na tuairimí a bheidh ag léitheoirí Lúba ar an úrscéal is déanaí seo uaidh?

Bí linn d'Ócáid Chomórtha 40 Bliain Údarás na Gaeltachta ag 2.00 p.m. Seolfaidh Cathaoirleach an Údaráis Anna Ní Ghallachair, leabhar comórtha, tabharfaidh Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh, léargas ar obair reatha na heagraíochta agus beidh comhrá le hiar-chomhaltaí boird de chuid an Údaráis freisin. Chomh maith leis sin seolfar taispeántas ealaíne, a choimisiúnaigh an eagraíocht go speisialta i gcomhar le hEalaín na Gaeltachta do chomóradh 40 Bliain Údarás na Gaeltachta, ó ghailearaí Ghaoth Dobhair chomh maith. Bí linn ar zoom ar https://zoom.us/j/94823397879

Beidh muid i dteannta Foireann Ghlór na nGael ar feadh tamaill tráthnóna agus an chaint deireanach den tsraith  ‘Glór an Fhómhair’ ar siúl ag 5.00 p.m. agus ag 6.30 p.m., seolfaidh Caitlín Nic Aoidh, láithreoir TG4, roinnt cluichí nua de chuid Ghlór na nGael. 

Ag 7.00 p.m., beidh Ceiliúradh an Oireachtais beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta á chur i láthair ag Máirtín Tom Sheáinín agus tráth an ama céanna, beidh clár speisialta de BLAS á chur i láthair ag Dáithí Ó Muirí agus Caoimhe Chats Ní Chathail. Déanfaidh siad tochailt ar chartlann BBC Gaeilge ó Oireachtas na Samhna thar na mblianta, chomh maith le hábhar & craic beo ar an oíche.  

Beidh scoth na siansaíochta le feiceáil ar TG4 anocht chomh maith, ina measc, Idir Éirí & Luí na Gréine ag 7.30 p.m., Amhrán is Ansa Liom le Nollaig Ní Laoire ag 9.00 p.m. agus Joe Steve Ó Neachtain: Idir Shúgradh agus Dáiríre ag 9.30 p.m.

Neart le teacht, bí linn!
#OnaS2020

Féach ar Imeachtaí an Lae Anseo →

An tOireachtas
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 VH98

Díchláraigh   •   Féach ar an ríomhphost seo le do bhrabhsálaí