Do chéad fáilte go dtí Nuachtlitir Oireachtas na Gaeilge

Lóchrann an Oireachtais

Do chéad fáilte go dtí ár Nuachtlitir. Coinnigh suas chun dáta le nuacht agus le himeachtaí na heagraíochta le linn na bliana.
Imeachtaí an Lae, Dé hAoine, 30 Deireadh Fómhair 2020

Imeachtaí an Lae, Dé hAoine, 30 Deireadh Fómhair 2020

Fáilte ar ais chuig Lá 8 d’Oireachtas Fíorúil na Samhna!

Beidh Campa Cúla4 faoi na Taibhealaíona Traidisiúnta Teangabhunaithe le feiceáil ar TG4 ag 10.00 a.m. agus arís ag a 4.00 p.m.

Bí linn ag 1.00 p.m. inniu nuair a sheolfaidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn an Concise English-Irish Dictionary go hoifigiúil.

Beidh Pearsa Raidió na Bliana, Áine Ní Bhreisleáin, ag cur eagrán speisialta dá clár Bladhaire i láthair beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 3.00 – 5.00 p.m. Beidh neart ceoil, amhráin, sceitse, cuimhní cinn, scéalaíochta, lúibíní agus go leor eile le cloisteáil. Bí linn!

Ag 5.30 p.m., beidh súil siar ar Lár Stáitse ó fhéilte Oireachtais thar na mblianta á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill. Beidh mír nua-choimisiúnaithe léirithe ag Aniar TV i gcomhar le Tuismitheoirí na Gaeltachta le feiceáil sa chlár ina mbeidh páistí Gaeltachta páirteach ann.

Ag 7.00 p.m., beidh Ceiliúradh an Oireachtais beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta á chur i láthair ag Máirtín Tom Sheáinín

Ó 9.30 -10.30 p.m., tabharfaidh Blas Ceoil ar thuras ceoil, comhluadair agus craic muid,  le clár speisialta á chur i láthair ó stiúideonna BBC i mBéal Feirste ag Caoimhe Ceol Ní Chathail. I measc na n-aíonna ar an gclár, beidh Irial Ó Ceallaigh, iománaí, amhránaí sean-nóis, tráchtaire spóirt agus aimsire atá ag cur faoi i mBéal Feirste.

Neart le teacht, bí linn!
#OnaS2020

Féach ar Imeachtaí an Lae Anseo →

An tOireachtas
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 VH98

Díchláraigh   •   Féach ar an ríomhphost seo le do bhrabhsálaí