Do chéad fáilte go dtí Nuachtlitir Oireachtas na Gaeilge

Lóchrann an Oireachtais

Do chéad fáilte go dtí ár Nuachtlitir. Coinnigh suas chun dáta le nuacht agus le himeachtaí na heagraíochta le linn na bliana.
Imeachtaí an Lae, Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair 2020

Imeachtaí an Lae, Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair 2020

Fáilte ar ais chuig Lá 9 d’Oireachtas Fíorúil na Samhna!

Cuirfear tús leis an lá ag 10.00 a.m. le hAontas na Scríbhneoirí i gcomhar le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich. Scéalaíocht, filíocht agus ceol le Celia de Fréine, Réaltán Ní Leannáin, Seán Ó Muireagáin, Eithne Ní Ghallchobhair, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Feargal Mac Ionnrachtaigh, Zoe Conway agus John Mc Intyre.

Bí linn don Chúirt Filíochta ag 12.00 p.m. Léifear cuid de nua-fhilíocht na Gaeilge is fearr atá sa tír agus tabharfar deis don phobal aithne a chur ar fhilí na tíre.

Ag 1.30 p.m., beidh ceithre fhoireann san iomaíocht ó na coláistí tríú leibhéal i gCraobh Díospóireachta Gael Linn. Rún: Is córas roghnúcháin cothrom é córas na bpointí.

Bí linn ag 3.00 p.m. do Seimineár an Oireachtais, arna eagrú ag Conradh na Gaeilge. Pléifear an baol atá ann do na Coláistí Samhraidh sa Ghaeltacht ag an Seimineár agus céard gur féidir a dhéanamh le teacht i gcabhair orthu.

Bí linn ag 4.30 p.m. don Léamha Próis – SLÍOCHT. Beidh léamha próis nua le triúr scríbhneoirí Eithne Ní Ghallchobhair, Áine Uí Fhoghlú agus Pádraic Breathnach agus beidh míreanna cartlainne ann mar chuid de cheiliúradh 35 bliain Chló Iar-Chonnacht.

Beidh Seirbhís Mhacnhnaimh againn ag 5.15 p.m. arna eagrú ag Cumann Gaelach na hEaglaise.

Ag 6.00 p.m., seolfaidh an tOllamh Gearóid Denvir, Uachtarán an Oireachtais 2020, an leabhar nua Gaillimh: Díolaim Cathrach, atá curtha in eagar ag Brian Ó Conchubhair agus foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht.

Ná déan dearmad go mbeidh súil siar ar bhuaiteoirí Steip ó 2016 -2019 ar TG4 ag 7.15 p.m.

Críochnóidh muid an lá i gcuideachta Máirtín Tom Sheáinín ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus muid ag déanamh ceiliúradh ar Chorn Uí Riada. Bí linn ó 9.00 - 10.30 p.m.

Neart le teacht, bí linn!
#OnaS2020

Féach ar Imeachtaí an Lae Anseo →

An tOireachtas
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 VH98

Díchláraigh   •   Féach ar an ríomhphost seo le do bhrabhsálaí