Imeachtaí an Lae, Dé Domhnaigh, 1 Samhain 2020
Fáilte chuig an lá deireanach d’Oireachtas Fíorúil na Samhna!
Dóibh siúd a bhfuil spéis acu i stair an Oireachtais, bí cinnte go dtabharfaidh tú cluas éisteachta don chlár Bowman: Sunday ag 8.30 a.m. ar RTÉ Raidió 1, tráth a bheidh agallamh speisialta le hiar-chathaoirleach an Oireachtais, Aindrias Ó Muimhneacháin ó 1949.
Ag 11.00 a.m., léifidh An tAthair Seán Mac Aoidh Aifreann an Oireachtais ó Shéipéal Chill Éinde sa Spidéal, Co. na Gaillimhe beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Beidh ceol á chur i láthair ag Aisling agus Luisne Ní Neachtain agus Brian Mac Donnchadha.
Ag 1.00 p.m., beidh ceol den scoth ó cheoltóirí áitiúla Leitir Ceanainn agus agallamh leis an údar iomráiteach, Proinsias Mac a’Bhaird á chur i láthair ag Caoimhe Ní Chathail. Curtha in eagar ag Líonra Leitir Ceanainn le tacaíocht ó An tOireachtas d’Oíche Chultúir 2020.
Is ag 6.00 p.m. tráthnóna inniu a bheidh ócáid dheireanach Oireachtas Fíorúil na Samhna 2020. Beidh scoth an cheoil, amhránaíochta agus damhsa ó mhuintir na nOileán i gConamara. Curtha in eagar ag Glór na nOileán le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta do chlár Oíche Chultúir 2020.
Déan cinnte go gcoinníonn tú súil ar na meáin shóisialta chomh maith don tsraith físeáin ó Thuismitheoirí na Gaeltachta ina mbeidh scéalaíocht, amhráin, sceitse, dán nuachumtha agus damhsa ar an sean-nós ó ghasúir óg na Gaeltachta. Coinnigh súil freisin ar Tuairisc.ie, áit a mbeidh leathanaigh ghníomhachtaí le téama Oireachtais ar fáil do ghasúir le híoslódáil a bhuíochas do Thuismitheoirí na Gaeltachta.
Tá súil againn go bhfuair tú deis seal a chaitheamh inár gcomhluadar le 10 lá anuas. Beidh fáil agat ar aon imeachtaí a chaill tú, nó ar mhaith leat súil eile a chaitheamh orthu, ar shuíomh an Oireachtais, www.antoireachtas.ie
#OnaS2020
|