Do chéad fáilte go dtí Nuachtlitir Oireachtas na Gaeilge

Lóchrann an Oireachtais

Do chéad fáilte go dtí ár Nuachtlitir. Coinnigh suas chun dáta le nuacht agus le himeachtaí na heagraíochta le linn na bliana.
Seoda ón Taisce Liteartha - Eagrán 7 ar fáil anois!

Seoda ón Taisce Liteartha - Eagrán 7 ar fáil anois!

Tá ríméad orainn go bhfuil an seachtú eagrán dár bpodchraoladh, Seoda ón Taisce Liteartha, ar fáil anois. Suigh siar agus éist le Anna Heussaff ag léamh caibidlí 1 agus 2 dá húrscéal, Scáil an Phríosúin - úrscéal bleachtaireachta atá suite i gceantar cáiliúil Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath. 

Bronnadh an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2015 ar an úrscéal seo. D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht é an bhliain chéanna.

Tá sé ar fáil le híoslódáil ar Spotify, Soundcloud agus ar Láithreán Gréasán an Oireachtais.

Bain sult as!

#Oireachtas2021

Éist Anseo →
Scoil Gheimhridh Merriman 2021

Scoil Gheimhridh Merriman 2021

Tionólfar Scoil Gheimhridh Merriman ar líne an deireadh seachtaine seo, 29-31 Eanáir 2021. Is dírithe ar théama Oidhreacht Cholm Cille a bheidh scoil na bliana seo. Pléifear ionad an naoimh sa stair agus i dtraidisiún na muintire agus cíorfar raon leathan ábhar a bhaineann le cúrsaí teanga, oidhreachta agus cultúir.
Guíonn Foireann an Oireachtais gach rath orthu!
#Merriman2021

 

Clár na Scoile 2021 ar Fáil Anseo! →
Cuir Peann le Pár i 2021 – Próiséas Iontrála na gComórtas Liteartha 2021 Oscailte

Cuir Peann le Pár i 2021 – Próiséas Iontrála na gComórtas Liteartha 2021 Oscailte

Ar mhaith leat do chuid scileanna scríbhneoireachta a fhorbairt agus fheabhsú i mbliana? Más maith, is fiú go mór cur isteach ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2021.

Tá réimse leathan seánraí ann do scríbhneoirí fadbhunaithe, do scríbhneoirí úra agus do scríbhneoirí óga. Tá duaischiste de €27,100 le bronnadh thar na comórtais uile agus faigheann gach scríbhneoir aiseolas fiúntach, moltaí agus nodanna scríbhneoireachta ó  mholtóirí na gcomórtas.

Bí ag cumadh agus ag scríobh i 2021.

Siollobas Comórtais & Foirm Iontrála 2021 ar Fáil Anseo! →
Glac Páirt i nDúshlán Grá an Oireachtais #ÓraMhíleGrá

Glac Páirt i nDúshlán Grá an Oireachtais #ÓraMhíleGrá

Tá sé i gceist againn na hardáin ar líne, Facebook, Instagram & Twitter a phlódú le hábhair ghrá ar feadh coicíse, ag tosú ar an 1 Feabhra 2021 & ag leanacht ar aghaidh go dtí Lá Fhéile Vailintín, 14 Feabhra 2021. 

Beidh muid ag tabhairt cuireadh oscailte do dhaoine páirt a ghlacadh i ndúshlán nua trí amhrán / scéal / dán / píosa ceoil nó eile ar a rogha féin ar théama an ghrá atá gar dá gcroíthe a chur in airde & úsáid a bhaint as na haischlibeanna #ÓraMhíleGrá & #Oireachtas2021

'Dan Browne’ na Gaeilge ag tabhairt blaiseadh dúinn dá leabhar TAIRNGREACHT ar an bpodchraoladh is déanaí sa tsraith, Seoda ón Taisce Liteartha

'Dan Browne’ na Gaeilge ag tabhairt blaiseadh dúinn dá leabhar TAIRNGREACHT ar an bpodchraoladh is déanaí sa tsraith, Seoda ón Taisce Liteartha

Tá ríméad orainn go bhfuil an cúigiú eagrán dár bpodchraoladh, Seoda ón Taisce Liteartha, ar fáil anois. Suigh siar agus éist le Proinsias Mac a' Bhaird ag tabhairt blaiseadh dúinn do chaibidil a haon agus a dó as a leabhar, TAIRNGREACHT.

Bronnadh an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2018 ar an úrscéal seo agus bhí an leabhar gearrliostaithe do Ghradam Uí Shúilleabháin sa bhliain 2019.

Tá sé ar fáil le híoslódáil ar Spotify, Soundcloud agus ar Shuíomh Gréasán an Oireachtais.

Bain sult as!

#Oireachtas2021

Éist Anseo →
Tús Spleodrach Curtha leis an mBliain Nua ar Oíche Nollag na mBan

Tús Spleodrach Curtha leis an mBliain Nua ar Oíche Nollag na mBan

D’eagraigh muid ár gcéad ócáid ealaíon ar Oíche Nollag na mBan, 6 Eanáir 2021 ag a raibh léiriú déanta ar mhná na n-ealaíon Gaeilge. Bhí scoth an cheoil traidisiúnta, amhránaíocht ar an sean-nós, filíocht agus na taibhealaíona teangabhunaithe le cloisteáil ó bhuaiteoirí chomórtais liteartha agus chomórtais ardán thar na mblianta.

Má chaill tú amach ar an ócáid, is féidir breathnú siar air fós ag an nasc thíos.

#Oireachtas2021 #NollaignamBan

Féach Siar ar an Ócáid Anseo →
An bhfuil spéis agat i gcraoltóireacht raidió? Cláraigh leis an EOLAIRE!

An bhfuil spéis agat i gcraoltóireacht raidió? Cláraigh leis an EOLAIRE!

EOLAIRE do Láithreoirí Raidió le Gaeilge Líofa cruthaithe ag An tOireachtas a bheidh ina acmhainn do Bhainisteoirí agus d’Oifigigh Acmhainní Daonna i Stáisiúin Raidió Pobail & Tráchtála fud fad na tíre.

Ceann de na dúshláin is mó a bhíonn ag stáisiúin raidió ó thaobh cláir i nGaeilge a dhéanamh agus a chraoladh ná foireann le Gaeilge líofa a earcú.

Is chun an dúshlán sin a shárú atá AN tEOLAIRE – feidhmeoidh sé mar Lárphointe Earcaíochta do stáisiúin raidió a bhfuil folúntais acu do láithreoirí agus do léiritheoirí le Gaeilge líofa.

Más mian leat clárú leis an Eolaire tá gach eolas ar fáil ANSEO →
MÍFHAISNÉIS MLI & RTÉ Raidió na Gaeltachta ag tabhairt aghaidh ar cheann de mhórcheisteanna ár linne

MÍFHAISNÉIS MLI & RTÉ Raidió na Gaeltachta ag tabhairt aghaidh ar cheann de mhórcheisteanna ár linne

Tá Media Literacy Ireland & RTÉ Raidió na Gaeltachta ag eagrú seimineár gréasáin Déardaoin, 1 Aibreán 2021 @ 3.00 p.m.  ina bpléifear go leor ábhar a bhaineann leis an tionchar a bhíonn ag an eolas míchruinn a chuirtear i láthair an phobail gach lá orainn.

Pléifear na dúshláin a bhíonn le sárú againn go léir lena chinntiú go gcloímid leis an gcomhairle ‘Stop, Smaoinigh agus Seiceáil’ agus lena chinntiú go mbíonn an t-eolas a léimid, a chloisimid agus a fheicimid cruinn agus iontaofa.

Is í Máirín Ní Ghadhra (Iriseoir RTÉ & TG4) a bheidh ina chathaoirleach ar an díospóireacht agus is iad Póilín Ní Chiaráin (iriseoir), Eoghan Ó Neachtain (Stiúrthóir Ghnóthaí Poiblí Heneghan), an tOllamh Cathal Seoighe (OÉ, Gaillimh) agus an Dr. Mairéad Nic Giolla Mhíchíl (DCU) a bheidh ar an bapinéal plé.


 

Cláraigh Anseo →

An tOireachtas
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 VH98

Díchláraigh   •   Féach ar an ríomhphost seo le do bhrabhsálaí