Spriocdháta Iontrála na nGradam Foilsitheoireachta 2021 ag teannadh linn
Is é Déardaoin seo, 8 Iúil 2021, an spriocdháta iontrála do na Gradaim Fhoilsitheoireachta do Leabhair Ghaeilge na Bliana 2021.
Trí ghradam a bheidh á bhronnadh i mbliana: Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg); Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta); agus Gradam de Bhaldraithe (Leabhar Gaeilge na Bliana, aistrithe ó theanga eile).
Marc aitheantais ar scoth an caighdeáin cruthaitheachta in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge iad na gradaim bhliantúla seo agus roghnófar na buaic-shaothair de réir na gcritéar seo a leanas: fiúntas an ábhair; caighdeán na Gaeilge; dearadh an leabhair, ag áireamh téacs, clúdach, léaráidí agus dea-chleachtas foilsitheoireachta; caighdeán táirgeachta; agus mar a fhreastalaíonn an leabhar ar riachtanais an mhargaidh léitheoireachta. .
Foilseofar an trí ghearrliosta i mí Lúnasa 2021 agus fógrófar buaiteoirí na ngradam i mí Dheireadh Fómhair 2021. Bronnfar duaischiste iomlán de €17,000.
#Oireachtas2021
|