Do chéad fáilte go dtí Nuachtlitir Oireachtas na Gaeilge

Lóchrann an Oireachtais

Do chéad fáilte go dtí ár Nuachtlitir. Coinnigh suas chun dáta le nuacht agus le himeachtaí na heagraíochta le linn na bliana.
Suirbhé ar na Meáin Ghaeilge

Suirbhé ar na Meáin Ghaeilge

Tá cuireadh á thabhairt do phobal labhartha na Gaeilge ó cheann ceann na tíre a bheith páirteach i bPainéal Féachana agus Éisteachta maidir le sceidil TG4 & RTÉ Raidió na Gaeltachta. Bailítear eolas ó bhaill an Phainéil go seachtainiúil trí Dhialann Féachana agus Éisteachta a bhíonn le líonadh ar an idirlíon.

Má tá tú 15 bliain d’aois nó os a chionn, Gaeilge agat agus spéis agat do thuairimí ar TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta a roinnt, is fiú go mór clárú leis an bpainéal. Mar chomhartha aitheantais, bíonn duaiseanna breátha ar fáil...6 Dhearbhán One4all ar luach €100 - €500 le buachan gach mí

Tuilleadh Eolais: www.fiosfise.ie | eilis.nidhuill@oegaillimh.ie | 086 102 2809

Cláraigh Anseo →

An tOireachtas
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 VH98

Díchláraigh   •   Féach ar an ríomhphost seo le do bhrabhsálaí