Do chéad fáilte go dtí Nuachtlitir Oireachtas na Gaeilge

Lóchrann an Oireachtais

Do chéad fáilte go dtí ár Nuachtlitir. Coinnigh suas chun dáta le nuacht agus le himeachtaí na heagraíochta le linn na bliana.
Spriocdháta Iontrála na gComórtas Liteartha 2021 ag teannadh linn

Spriocdháta Iontrála na gComórtas Liteartha 2021 ag teannadh linn

Tá 5 lá fágtha ag scríbhneoirí snas a chur ar a gcuid saothar agus iontrálacha a chur isteach ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2021. Glacfar le hiarratais suas go dtí 5.00 p.m. Dé hAoine, 9 Iúil 2021.

Fiche naoi (29) comórtas atá ar chlár na bliana seo agus réimse leathan seánraí i gceist, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d'fhoghlaimeoirí fásta, prós, filíocht, greannán, drámaíocht agus eile.

Tá duaischiste ar fáil do gach comórtas agus níos tábhachtaí fós, cuireann an painéal moltóirí aiseolas luachmhar ar fáil do gach scríbhneoir ar a gcuid saothar – aiseolas a chabhraíonn le forbairt, bláthú agus scileanna scríbhneoireachta na scríbhneoirí. 

Is féidir d’iarratas a dhéanamh ar líne nó cóip den fhoirm iarratais a fháil ó Oifig an Oireachtais agus í a sheoladh chuig: Comórtais Liteartha an Oireachtais 2021, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, D02 VH98.

Foirm Iontrála ar fáil Anseo →

An tOireachtas
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 VH98

Díchláraigh   •   Féach ar an ríomhphost seo le do bhrabhsálaí