Seoda ón Taisce Liteartha - Eagrán 9 ar fáil anois!
Tá ríméad orainn go bhfuil an 9ú eagrán dár bpodchraoladh, Seoda ón Taisce Liteartha, ar fáil anois. Suigh siar agus éist le Gaeilge bhinn na nDéise le Catherine Foley agus í ag léamh caibidlí 1-3 óna bailiúchán, Cuisle an Chósta.
Bronnadh an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2016 ar an mbailiúchán seo. Dialann bliana ar shaol Gaeltachta atá sa leabhar seo a d'fhoilsigh LeabhairCOMHAR i mí Aibreán 2020. Ceann de buanna suaithinseacha an leabhair seo ná an réimse grianghraf atá glactha ag RoseAnn Foley, an deirfiúr is óige ag Catherine.
Tá sé ar fáil le híoslódáil ar Spotify, Soundcloud agus ar Láithreán Gréasán an Oireachtais.
Bain sult as!
#Oireachtas2021
|