Do chéad fáilte go dtí Nuachtlitir Oireachtas na Gaeilge

Lóchrann an Oireachtais

Do chéad fáilte go dtí ár Nuachtlitir. Coinnigh suas chun dáta le nuacht agus le himeachtaí na heagraíochta le linn na bliana.
Gearrliostaí do Leabhair Ghaeilge na Bliana 2021 Fógartha

Gearrliostaí do Leabhair Ghaeilge na Bliana 2021 Fógartha

Tá ríméad orainn na leabhair atá ainmnithe ar na Gearrliostaí do Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta), Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), agus Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile) a fhógairt inniu.

Tá ocht leabhar déag (18) ainmnithe ar ghearrliostaí na bliana seo - seacht (7) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, sé (6) leabhar ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe agus cúig (5) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló.

I measc na dTithe Foilsitheoireachta a bhfuil leabhair leo ainmnithe i mbliana tá: Barzaz, An tSnáthaid Mhór, Cló Iar-Chonnacht, Cló Léann na Gaeilge, Coiscéim, Dalen Éireann, Éabhlóid, Futa Fata agus Leabhar Breac.  Tá dhá shaothar féin fhoilsithe ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne chomh maith.

Déanann muid comhghairdeas leis na tithe foilsitheoireachta, na scríbhneoirí, na haistritheoirí agus na maisitheoirí go léir atá ainmnithe ar ghearrliostaí na bliana seo.

Fógrófar na buaiteoirí ag ócáid ar líne ag tús mhí Dheireadh Fómhair 2021.

#Oireachtas2021

Tuilleadh Eolais →

An tOireachtas
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 VH98

Díchláraigh   •   Féach ar an ríomhphost seo le do bhrabhsálaí