Do chéad fáilte go dtí Nuachtlitir Oireachtas na Gaeilge

Lóchrann an Oireachtais

Do chéad fáilte go dtí ár Nuachtlitir. Coinnigh suas chun dáta le nuacht agus le himeachtaí na heagraíochta le linn na bliana.
Mórléiriúchán Drámaíochta le hAerachAiteachaGaelach  Idir Mise agus Craiceann do Chluaise

Mórléiriúchán Drámaíochta le hAerachAiteachaGaelach Idir Mise agus Craiceann do Chluaise

Tá an-áthas orainn tacú le mórléiriúchán drámaíochta AerachAiteachaGaelach (AAG), Idir Mise agus Craiceann do Chluaise, a bheidh ar siúl mar chuid den Dublin Fringe Festival 2021. 

Sa scéal faoistiniúil a chloisfear in Idir Mise agus Craiceann do Chluaise cíorfaidh an tÉireannach aerach Alan Walpole cuimhní a shaoil go neamhbhalbh. 

Is iad na filí Ciara Ní É (a mbeidh aithne ag daoine uirthi ón hoíche ilteangach filíochta REIC) agus Eoin Mc Evoy (a mbeidh cuimhne ag daoine ar a rap ‘Seo mo Spás’ i 2020) a chóirigh an script do Idir Mise agus Craiceann do Chluaise ach tá an script sin bunaithe ar scéal agur ráitis Alan féin, scéal a d'inis sé dóibh in agallaimh a chuir siad air.

Ionad: Club Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearcair, Baile Átha Cliath 2.
Dátaí: 24-26 Meán Fómhair 2021.
Am: 13:00 - 21:35 gach lá.

Táimid ag súil go mór leis an léiriúchán a fheiceáil agus guíonn muid gach rath air! 

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Ciara Ní É ag aerach.aiteach.gaelach@gmail.com

An tOireachtas
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 VH98

Díchláraigh   •   Féach ar an ríomhphost seo le do bhrabhsálaí