Gearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2021 Fógartha
Tá an-áthas orainn Gearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2021 a fhógairt inniu. Léiriú ar na forbairtí uaillmhianacha atá tarlaithe in earnáil na cumarsáide Gaeilge agus ar scoth-chaighdeán, ar nuálaíocht agus ar chruthaitheacht is ea na gradaim bhliantúla seo. Déanann muid comhghairdeas ó chroí le gach duine atá ainmnithe ar ghearrliosta na bliana seo.
Trí chatagóir déag (13) atá ar chlár na ngradam i mbliana. Is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana. Cuirfear tús leis an vóta poiblí Dé Céadaoin seo chugainn, 8 Meán Fómhair 2021.
Fógrófar buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais Dé Céadaoin, 20 Deireadh Fómhair 2021. Fógrófar buaiteoirí na nGradam Cumarsáide ag ócáid ar líne le linn Oireachtas na Samhna Dé Céadaoin, 27 Deireadh Fómhair 2021.
#Gradaim2021 #Oireachtas2021
|