Comórtas d’Amhrán Úrnua i nGaeilge á reáchtáil ag an Oireachtas
Tá lúcháir orainn an comórtas d'amhrán úrnua i nGaeilge a fhógairt. Tá dhá chatagóir ann, catagóir d’Amhránaithe Aonair agus catagóir do Grúpaí. Bronnfar €1,000 ar bhuaiteoir an chomórtais aonair agus €1,500 ar an ngrúpa buacach. Más ceol úrnua a chuirfear le hamhrán, bronnfar €500 sa bhreis sa dá chatagóir.
Amhrán i nGaeilge amháin nár chualathas go poiblí cheana atá incháilithe don chomórtas seo. Áireofar feabhas na liricí, oiriúnacht an cheoil agus cur i láthair an amhráin sa mholtóireacht agus níl aon teora leis an líon iontrálacha gur féidir le cumadóir a chur isteach. Glacfar le gach aon seánra agus stíl amhránaíochta. Is faoin gcumadóir féin atá sé téama a roghnú.
Mar sin, má tá amhrán i do cheann, réidh le cur ar phár, Fonn i do chroí, réidh le scaoileadh saor Tá an tOireachtas ag teacht, cum d’amhrán, can amach é agus seol isteach chugainne é.
SPRIOCDHÁTA IONTRÁLA 15 Deireadh Fómhair 2021
#Oireachtas2021
|