Buaiteoirí Leabhair Ghaeilge na Bliana 2021 Fógartha ag an Oireachtas
Tar éis an samhradh a chaitheamh ag déanamh meastóireachta ar na leabhair bhreátha ar ghearrliostaí na bliana seo, is cúis áthais dúinn Buaiteoirí Leabhair Ghaeilge na Bliana 2021 a fhógairt i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge inniu.
Buaiteoir Ghradam Réics Carló 2021 Cluasa Capaill ar an Rí foilsithe ag Futa Fata, scríofa ag Bridget Bhreathnach & maisithe ag Shona Shirley Macdonald
Buaiteoir Ghradam de Bhaldraithe 2021 Taisce Raga Rua foilsithe ag Dalen Éireann agus aistrithe ag Gabriel Rosenstock
Buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin 2021 Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931-1981 scríofa agus féinfhoilsithe ag Noel Ó Gallchóir
Déanann muid comhghairdeas leis na tithe foilsitheoireachta, na húdair, na maisitheoirí agus na haistritheoirí go léir.
|