Do chéad fáilte go dtí Nuachtlitir Oireachtas na Gaeilge

Lóchrann an Oireachtais

Do chéad fáilte go dtí ár Nuachtlitir. Coinnigh suas chun dáta le nuacht agus le himeachtaí na heagraíochta le linn na bliana.
Buaiteoir Ghradam Réics Carló 2021 le bheith mar chuid de Lá Domhanda na Leabhar 2022

Buaiteoir Ghradam Réics Carló 2021 le bheith mar chuid de Lá Domhanda na Leabhar 2022

Is cúis áthais dúinn tionscadal pilótach a fhógairt i bpáirt le Foras na Gaeilge, Clár na Leabhar Gaeilge agus Lá Domhanda na Leabhar inniu. Beidh Buaiteoir Ghradam Réics Carló 2021, Cluasa Capaill ar an Rí le Bridget Bhreathnach, maisithe ag Shona Shirley Macdonald agus foilsithe ag Futa Fata, mar chuid de mhórfheachtas Lá Domhanda na Leabhar 2022 - seo an chéad uair a bheidh leabhar Gaeilge mar chuid den fheachtas.

Cuirfidh Clár na Leabhar Gaeilge, Foras na Gaeilge, maoiniú ar fáil don fhoilsitheoir Futa Fata mar ranníocaíocht i dtreo na gcostas leis an eagrán Lá Domhanda na Leabhar den leabhar Cluasa Capaill ar an Rí a sholáthar do Lá Domhanda na Leabhar 2022.

Beidh Cluasa Capaill ar an Rí i measc teidil mhóra lena n-áirítear Deadly! Irish History: Fun with the Celts and the Vikings! le John Farrelly agus foilsithe ag The O’Brien Press, chomh maith le 12 leabhar ó údair eile, Sharna Jackson, Michael Morpurgo agus Matt Lucas ina measc. Is féidir liosta iomlán na leabhar €1.50 a aimsiú ag worldbookday.com/books

Tacaíocht a bheidh ann le grá don léitheoireacht a chothú sa ghlúin óg agus nósmhaireacht saoil a thosú ina measc leabhar Gaeilge a léamh. Fáiltíonn muid roimh an deis a thabharfaidh an t-ardán úrnua seo d’fhoilsitheoirí leabhar Gaeilge le feabhas, cruthaíocht agus sárchaighdeán a gcuid saothar a léiriú do phobal níos leithne.

Tuilleadh Eolais →

An tOireachtas
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 VH98

Díchláraigh   •   Féach ar an ríomhphost seo le do bhrabhsálaí