Oireachtas na Samhna - Dé Luain, 25 Deireadh Fómhair 2021
Tá clár ilghnéitheach eagraithe d’Oireachtas na Samhna as seo go ceann seachtaine. Bí linn i gcaitheamh na seachtaine agus bain sult as na ceolchoirmeacha, na cláir teilifíse agus raidió agus na himeachtaí uilig a bheidh ar siúl.
Ar an gclár Barrscéalta inniu ag 11.00 a.m., rachaidh Damien Ó Dónaill tríd Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus éisteoidh muid le blaiseadh ó Oireachtas Ghaoth Dobhair 1996. Beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
Ag a 5.00 p.m., cuirfidh an craoltóir aitheanta Tristan Rosenstock comhrá ar an scoláire liteartha agus léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, an Dr Liam Mac Amhlaigh agus ar an triúr scríbhneoirí a bhuaigh Gradaim Leabhair Ghaeilge na Bliana 2021, Bridget Bhreathnach, Gabriel Rosenstock & Noel Ó Gallchóir. Beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
#OnaS21
|