Do chéad fáilte go dtí Nuachtlitir Oireachtas na Gaeilge

Lóchrann an Oireachtais

Do chéad fáilte go dtí ár Nuachtlitir. Coinnigh suas chun dáta le nuacht agus le himeachtaí na heagraíochta le linn na bliana.
Imeachtaí an Lae - Dé Céadaoin, 27 Deireadh Fómhair 2021

Imeachtaí an Lae - Dé Céadaoin, 27 Deireadh Fómhair 2021

Fáilte ar ais chuig Oireachtas na Samhna!

Cuirfear tús le himeachtaí an lae ag 9.00 a.m. le seimineár de chuid an Choimisiúin Eorpaigh i gcomhar leis An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le gairmeacha le Gaeilge san Aontas Eorpach.

Ag 12.00 p.m. meánlae is ea a fhógrófar Buaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2021.

Bí i gcomhluadar Ray Mac Mánais & daltaí Bhunscoil an Iúir le haghaidh seisiún meidhreach slua-amhránaíochta ag 2.00 p.m.

Ag 2.05 p.m., beidh Liam Ó Maolaodha, a bhí ina stiúrthóir ar an Oireachtas le 25 bliain anuas nó go ndeachaigh sé ar scor i mbliana, faoi agallamh ag Maidhc Ó Féinneadha ar an gclár Gabh i Leith, Cogar beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ag 4.00 p.m., beidh deis eile ag an bpobal féachaint siar ar Ócáid Bhronnta na nGradam Foilsitheoireachta agus Seoladh Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge.

Bí linn do Seal le Seanchaí ag 5.00 p.m., chun scéalaíocht ó mhuintir na nDéise a chloisteáil.

Neart le teacht, bí linn!
#OnaS21

Tuilleadh Eolais →

An tOireachtas
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 VH98

Díchláraigh   •   Féach ar an ríomhphost seo le do bhrabhsálaí