Do chéad fáilte go dtí Nuachtlitir Oireachtas na Gaeilge

Lóchrann an Oireachtais

Do chéad fáilte go dtí ár Nuachtlitir. Coinnigh suas chun dáta le nuacht agus le himeachtaí na heagraíochta le linn na bliana.
Imeachtaí an Lae - Déardaoin, 28 Deireadh Fómhair 2021

Imeachtaí an Lae - Déardaoin, 28 Deireadh Fómhair 2021

Fáilte ar ais chuig Oireachtas na Samhna 2021.

Cuirfear tús spleodrach leis an lá le ceol den scoth ón gclann cheolmhar, Na Casaidigh, ag 12.00 p.m. meánlae. 

Beidh an spotsholas ar thraidisiún na scéalaíochta le Scéalaíocht na Máistrí ag 2.00 p.m. Cloisfimid scéalta ó cheantair Ghaeltachta éagsúla le réamhrá ón Dr. Pádraig Ó Héalaí ag . I measc na scéalaithe a bheidh páirteach beidh Gearóidín BreathnachTomás Ó LuingMáirín Mhic Lochlainn & Eoghan Ó Curraighín a bhfuil an príomhchomórtas scéalaíochta ag Oireachtas na Samhna buaite acu ar fad.

Beidh gearrscannán faoi Stair Chonradh na Gaeilge agus Athbheochan na Gaeilge le feiceáil ag 4.00 p.m.

Ag 7.00 p.m., bí linn don chlár raidió Comhluadar an Oireachtais beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta curtha i láthair ag Neansaí Ní Choisdealbha agus tráth an ama céanna, beidh clár speisialta BLAS beo ar BBC Raidió Uladh curtha i láthair ag Caoimhe 'Chats' Ní Chathail. 

Beidh Ceolchoirm an Oireachtais le feiceáil ar TG4 ag 9.30 p.m. Seó spleodrach chroíúil le fíorscoth an Oireachtais, á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill & Joe Ó Dónaill. Beidh fonnadóirí & lucht steipeanna, scéalaithe, ceoltóirí agus carachtair éagsúla eile ag bailiú anoir, aniar, aduaidh & aneas don ócáid. Coinnigh súil amach do na réaltaí óga agus bioraigh do chluais do na lúibíní & na hagallaimh bheirte úrnua. Buail do chois i dteannta Seaimpín an Damhsa, Ruadhán Ó Flatharta.  Seoid na bliana ón Oireachtas!

Neart le teacht, bí linn!
#OnaS21

Tuilleadh Eolais →

An tOireachtas
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 VH98

Díchláraigh   •   Féach ar an ríomhphost seo le do bhrabhsálaí