Imeachtaí an Lae - Dé hAoine, 29 Deireadh Fómhair 2021
Fáilte ar ais chuig Oireachtas na Samhna!
Bí linn 1.30 p.m. inniu ar Zoom don seisiún eolais ar an dul chun cinn atá déanta sna tionscadail foclóireachta le bliain anuas agus ar a bhfuil ar na bacáin don bhliain romhainn.
Beidh Áine Ní Bhreisleáin, ag cur eagrán speisialta dá clár Bladhaire i láthair beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 3.00 – 5.00 p.m. Beidh scoth an cheoil beo, amhránaithe, damhsóirí agus neart eile ar an gclár chomh maith le duaiseanna breátha don lucht éisteachta.
Ag 5.00 p.m. beidh Ceiliúradh na nÓg ar siúl - seó fíor-speisialta le meascán do scéalaíocht, d'amhránaíocht agus d'aithriseoireacht le daoine óga ó na ceantair Ghaeltachta éagsúla atá ag cleachtadh faoi láthair faoi chúram Tuismitheoirí na Gaeltachta.
Ag 5.30 p.m., beidh ceithre fhoireann san iomaíocht ó na coláistí tríú leibhéal i gCraobh Díospóireachta Gael Linn. Rún: 'Tá moladh mór tuillte ag an rialtas as a gcuid oibre uile ó thús na paindéime!'
Cloisfear scoth na n-amhrán nuachumtha ag an gCraobhchomórtas Amhrán Úr ag 8.00 p.m. Seo hiad na hiomaitheoirí a bhain an gearrliosta amach don chomórtas amhrán úrnua i nGaeilge agus táimid ar bís go gcloisfidh tú na hamhráin iontacha atá acu duit.
Ó 9.30-10.30 p.m., tabharfaidh Blas Ceoil ar thuras ceoil, comhluadair agus craic muid, le clár speisialta á chur i láthair ó stiúideonna BBC i mBéal Feirste ag Caoimhe Ceol Ní Chathail agus Fearghal Mag Uiginn.
Neart le teacht! Bí Linn!
#OnaS21
|