Imeachtaí an Lae: Dé Sathairn, 30 Deireadh Fómhair 2021
Fáilte ar ais chuig Oireachtas na Samhna!
Cuirfidh Aontas na Scríbhneoirí tús leis an lá ag 11.00 a.m. le hollchruinniú i measc bhaill an Aontais ar Zoom.
Bí linn don Chúirt Filíochta ag 1.00 p.m. Léifear cuid de nua-fhilíocht na Gaeilge is fearr sa tír agus tabharfar deis don phobal aithne a chur ar fhilí na tíre.
Ag 2.00 p.m. beidh Siompóisiam ar Oidhreacht Sheáin Uí Riada á shruthú beo ón Muileann, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí Cathaoirleach: Uachtarán an Oireachtais, An tOllamh Gearóid Denvir Cainteoirí: An tOllamh Tríona Ní Shíocháin, Peadar Ó Riada, an Dr John O'Keefe & Seán Ó Sé
Bí linn ag 2.30p.m. do Seimineár an Oireachtais, arna eagrú ag Conradh na Gaeilge. Téama: Éire Nua agus an Ghaeilge: Deiseanna & Dúshláin in Éirinn Aontaithe
Ag 4.30 p.m., cuirfear tús le sraith físeán nua 'Saol Scríbhneora' le Cló Iar-Chonnacht. Beidh Micheál Ó Conghaile i mbun comhrá leis an scríbhneoir Mícheál Ó Ruairc faoina shaol mar scríbhneoir.
Bí linn beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 7.00 p.m. le haghaidh Ceolchoirm Chomórtha Sheán Uí Riada le Cór Chúil Aodha agus aoínna fíor-speisialta.
Bí linn ag 9.30 p.m. ar TG4 do Chuid 2 de sheó spleodrach chroíúil le fíorscoth an Oireachtais, á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill & Joe Ó Dónaill. Beidh fonnadóirí & lucht steipeanna, scéalaithe, ceoltóirí agus carachtair éagsúla eile ag bailiú anoir, aniar, aduaidh & aneas don ócáid. Coinnigh súil amach do na réaltaí óga agus bioraigh do chluais do na lúibíní & na hagallaimh bheirte úrnua. Can stéibh i dteannta seaimpín Chorn Uí Riada, Máire Ní Choilm. Seoid na bliana ón Oireachtas!
Neart le teacht, bí linn! #OnaS21
|