Do chéad fáilte go dtí Nuachtlitir Oireachtas na Gaeilge

Lóchrann an Oireachtais

Do chéad fáilte go dtí ár Nuachtlitir. Coinnigh suas chun dáta le nuacht agus le himeachtaí na heagraíochta le linn na bliana.
Sean-Nós na Fearsaide 2023

Sean-Nós na Fearsaide 2023

Beidh Sean-Nós na Fearsaide ar siúl ó 24 - 27 Feabhra 2023 agus tá áthas ar An tOireachtas a bheith ag obair i gcomhpháirt le Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain arís i mbliana don fhéile agus í ar ais ar a seanléim.

Bí linn i mBéal Feirste don cheiliúradh speisialta seo ar na taibhealaíona ag a mbeidh rogha buaiteoirí ó Oireachtas na Samhna 2022 & blianta eile chomh maith le cairde an Oireachtais i lár an aonaigh. Beidh idir chomórtais, ceardlanna agus léirithe ar siúl le linn na féile. Ná caill amach ar dheireadh seachtaine lán le ceol, damhsa, scéalaíocht, lúibíní agus neart eile.

Le tuilleadh eolais a fháil, gabh chuig clár na féile ag an nasc thíos.

Clár na Féile →

An tOireachtas
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 VH98

Díchláraigh   •   Féach ar an ríomhphost seo le do bhrabhsálaí