Comórtas Amhrán Úr

Oireachtas na Samhna || An tOireachtas

COMÓRTAS AMHRÁN ÚR
ar do rogha féin de sheánra, de stíl & de théama

DHÁ CHATAGÓIR:
Don Amhránaí Aonair (le nó gan tionlacan)
Duais: €1,000

Do Ghrúpa Ceoil (líon ball & líon uirlisí gan teorainn)
Duais: €1,500

Bronnfar duais breise, €500, sa dá chatagóir más fonn úrnua a bheidh leis an amhrán.

Tá an SPRIOCDHÁTA IONTRÁLA thart anois.
CRAOBHCHOMÓRTAS: 29 Deireadh Fómhair 2021 le linn #OnaS2021

SONRAÍ IONTRÁLA:

  1. Beidh an t-amhrán:
    1. go hiomlán i nGaeilge;
    2. úrnua - ní ghlacfar le hamhrán a chualathas go poiblí roimhe seo;

  2. Áireoidh na moltóirí feabhas na liricí; oiriúnacht an cheoil; agus cur i láthair an amhráin;

  3. Déanfar gearrliostú ar na hiontrálacha agus fógrófar iad i mí Dheireadh Fómhair 2021;

  4. Beidh an craobhchomórtas i mBaile Átha Cliath, Dé hAoine, 29 Deireadh Fómhair 2021 – mar sin ní mór do lucht an ghearrliosta a bheith ábalta taisteal go Baile Átha Cliath le bheith i láthair an mhaidin sin.
-->