Ar mhaith leatsa a bheith rannpháirteach i reáchtáil Oireachtas na Samhna 2023?
Dá mbeadh suim agat tréimhse beag de do chuid ama a chaitheamh ag an bhféile mar oibrí deonach, déan teagmháil linn. Bainfidh tú an-sásamh as, beidh píosa craic agat agus déanfaidh tú cairde nua agus tú ag déileáil le pobal an Oireachtais.
Is iad Criú an Oireachtais croílár na féile - daoine a thugann a gcuid ama go fial flaithiúil dúinn ar mhaithe le cultúr agus oidhreacht na nGael a chur chun cinn.
Seo a leanas sampla de na dualgais a bheidh ag Criú an Oireachtais:
- Freastal ar an Deasc Eolais & Ticéid;
- Maoirseoireacht ag Comórtais;
- Cabhrú le leagan amach agus le reáchtáil ócáidí;
- Ag obair in Oifig an Chriú; agus
- Ag cabhrú le cúrsaí meán cumarsáide.
Is obair dheonach í seo.