Dé Céadaoin - 27 Deireadh Fómhair 2021

Imeachtaí na Féile | Oireachtas na Samhna | An tOireachtas

Comhdháil - An Coimisiún Eorpach

9.00 a.m. - 4.00 p.m., Dé Céadaoin, 27 Deireadh Fómhair 2021
#OnaS2021

Seimineár príobháideach ar líne ag díriú ar ghairmeacha le Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Arna eagrú ag An Coimisiún Eorpach agus An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Fógairt Dhuaiseanna Liteartha an Oireachtais 2021

12.00 p.m., Dé Céadaoin, 27 Deireadh Fómhair 2021

Fógrófar an buíon scríbhneoirí a bhain duaiseanna amach i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2021.

Bhí 29 comórtas ar shiollobas na bliana seo ina measc, úrscéal, gearrscéal, greannán, drámaíocht, filíocht agus go leor eile.

Slua-Amhránaíochta do Pháistí

2.00 p.m., Dé Céadaoin, 27 Deireadh Fómhair 2021

Bí i gcomhluadar Ray Mac Mánais & daltaí Bhunscoil an Iúir le haghaidh seisiún meidhreach slua-amhránaíochta.

Clár Raidió: Gabh i leith, Cogar

2.05 p.m., Dé Céadaoin, 27 Deireadh Fómhair 2021
#OnaS2021

Beidh Liam Ó Maolaodha, a bhí ina stiúrthóir ar an Oireachtas le 25 bliain anuas nó go ndeachaigh sé ar scor i mbliana, faoi agallamh ag Maidhc Ó Féinneadha

Beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Athchraoladh ar Fhógairt na nGradam Foilsitheoireachta

4.00 p.m., Dé Céadaoin, 27 Deireadh Fómhair 2021

Beidh deis eile ag an bpobal breathnú siar ar ócáid fógartha Buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta 2021 agus seoladh Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge.

Seal le Seanchaí

5.00 p.m., Dé Céadaoin, 27 Deireadh Fómhair 2021

Scéalaíocht den scoth ó mhuintir na nDéise a bhí ar chlár Oíche Chultúir 2021.

Curtha in eagar ag Dún Garbhán le Gaeilge le tacaíocht ó An tOireachtas d’Oíche Chultúir 2021.