Dé Luain - 25 Deireadh Fómhair 2021

Imeachtaí na Féile | Oireachtas na Samhna | An tOireachtas

Clár Raidió: Barrscéalta

11.00 a.m., Dé Luain, 25 Deireadh Fómhair 2021
#OnaS2021

Cothrom an ama seo 25 bliain ó shin, bhí Oireachtas na Gaeilge i nGaoth Dobhair.  Sa chlár seo, rachaidh Damien Ó Dónaill tríd Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus éisteoidh muid le blaiseadh ó Oireachtas Ghaoth Dobhair 1996.  I measc na ndaoine a bheidh le cloisteáil, beidh Gearóidín Breathnach, a bhain Corn Uí Riada i 1996, píosa grinn le Máirtín Tom Sheáinín agus Tomás Mac Eoin, agus Cití Eoghain Éamoinn ag caint faoina deirfiúr Annie.  Bronnadh Corn Annie Eoghain Éamoinn den chéad uair i 1996 ina cuimhne. 

Beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Clár Raidió: An Tolg Liteartha

5.00p.m., Dé Luain, 25 Deireadh Fómhair 2021
#OnaS2021

Ócáid liteartha ag a gcuirfidh an craoltóir aitheanta Tristan Rosenstock comhrá ar an scoláire liteartha agus léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, an Dr Liam Mac Amhlaigh agus ar an triúr scríbhneoirí a bhuaigh Gradaim Leabhair Ghaeilge na Bliana 2021, Bridget Bhreathnach, Gabriel Rosenstock & Noel Ó Gallchóir.

Arna eagrú ag Ollscoil Mhá Nuad agus Leabharlanna Chill Dara i bpáirt le hOireachtas na Gaeilge agus RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta