Dé Sathairn - 30 Deireadh Fómhair 2021

Imeachtaí na Féile | Oireachtas na Samhna | An tOireachtas

Ollchruinniú do Bhaill Aontas na Scríbhneoirí

11.00 a.m., Dé Sathairn, 30 Deireadh Fómhair 2021
#OnaS2021

Ollchruinniú do Bhaill an Aontais ar Zoom

An Chúirt Filíochta

1.00 p.m., Dé Sathairn, 30 Deireadh Fómhair 2021

Léifear cuid den nua-fhilíocht Ghaeilge is fearr atá againn agus beidh deis ag an bpobal aithne a chur ar na filí.

An tSéirbhís Mhacnaimh

1.00 p.m., Dé Sathairn, 30 Deireadh Fómhair 2021

Arna eagrú ag Cumann Gaelach na hEaglaise.

SIOMPÓISIAM Oidhreacht Sheáin Uí Riada

2.00 p.m., Dé Sathairn, 30 Deireadh Fómhair 2021

Á shruthú beo ón Muileann, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí

Cathaoirleach: Uachtarán an Oireachtais, An tOllamh Gearóid Denvir

Cainteoirí: An tOllamh Tríona Ní Shíocháin, Peadar Ó Riada, an Dr John O'Keefe & Seán Ó Sé

Seimineár an Oireachtais

2.30 p.m., Dé Sathairn, 30 Deireadh Fómhair 2021

Téama: Éire Nua agus an Ghaeilge: Deiseanna & Dúshláin in Éirinn Aontaithe
Ionad: Óstán Camden Court, Sráid Chamden, Baile Átha Cliath 2 | Rogha fíorúil ar fáil
Cláraigh roimh ré le cearta@cnag.ie
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge

Saol Scríbhneora

4.30 p.m., Dé Sathairn, 30 Deireadh Fómhair 2021

Micheál Ó Conghaile i mbun comhrá leis an scríbhneoir Mícheál Ó Ruairc faoina shaol mar scríbhneoir. Is é seo an chéad eagrán sa tsraith físeán 'Saol Scríbhneora' le Cló Iar-Chonnacht

Arna eagrú ag Cló Iar-Chonnacht.

Ceolchoirm Chomórtha Sheán Uí Riada

7.00 p.m., Dé Sathairn, 30 Deireadh Fómhair 2021
#OnaS2021

Ceolchoirm le Cór Chúil Aodha agus aoínna fíor-speisialta. 

Beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ceolchoirm an Oireachtais

9.30 p.m., Dé Sathairn, 30 Deireadh Fómhair 2021

Cuid 2 de sheó spleodrach chroíúil le fíorscoth an Oireachtais, á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill & Joe Ó Dónaill.  Beidh fonnadóirí & lucht steipeanna, scéalaithe, ceoltóirí agus carachtair éagsúla eile ag bailiú anoir, aniar, aduaidh & aneas don ócáid. Coinnigh súil amach do na réaltaí óga agus bioraigh do chluais do na lúibíní & na hagallaimh bheirte úrnua. Can stéibh i dteannta seaimpín Chorn Uí Riada, Máire Ní Choilm.  Seoid na bliana ón Oireachtas!

Beo ar TG4