Déardaoin - 28 Deireadh Fómhair 2021

Imeachtaí na Féile | Oireachtas na Samhna | An tOireachtas

Abair Amhrán Linn - Na Casaidigh

12.00 p.m, Déardaoin, 28 Deireadh Fómhair 2021

Ceol den scoth ón gclann cheolmhar, Na Casaidigh, a bhí ar chlár Oíche Chultúir 2021.

Curtha in eagar ag Gael Linn le tacaíocht ó An tOireachtas d’Oíche Chultúir 2021.

Gearrscannán

4.00 p.m., Déardaoin, 28 Deireadh Fómhair 2021

Gearrscannán faoi stair Chonradh na Gaeilge agus Athbheochan na Gaeilge

Curtha in eagar ag Conradh na Gaeilge le tacaíocht ó An tOireachtas d’Oíche Chultúir 2021.

Scéalaíocht na Máistrí

5.30 p.m., Déardaoin, 28 Deireadh Fómhair 2021

Scéalta ó cheantair Ghaeltachta éagsúla le réamhrá ón Dr. Pádraig Ó Héalaí. I measc na scéalaithe a bheidh páirteach beidh, Gearóidín Breathnach, Tomás Ó Luing, Máirín Mhic Lochlainn & Eoghan Ó Curraighín a bhfuil an príomhchomórtas scéalaíochta ag Oireachtas na Samhna buaite acu ar fad.

Clár Raidió: Comhluadar an Oireachtais

7.00 p.m., Déardaoin, 28 Deireadh Fómhair 2021
#OnaS2021

Is í Neansaí Ní Choisdealbha a chuirfidh an clár seo i láthair. Beidh comhluadar na Gaeltachta idir amhránaithe, ceoltóirí agus damhsóirí ina comhluadar ar an gclár, mar chuid de cheiliúradh an Oireachtais ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Á chur i láthair beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar www.antoireachtas.ie  

BBC Blas

7.00 p.m., Déardaoin, 28 Deireadh Fómhair 2021
#OnaS2021

Clár speisialta uair a chloig, á chur i láthair ag Caoimhe ‘Chats’ Ní Chathail, ina ndéanann sí tochailt ar chartlann BBC Gaeilge ó Oireachtas na Samhna thar na mblianta, chomh maith le hábhar & craic beo ar an oíche.  

Ceolchoirm an Oireachtais

9.30 p.m., Déardaoin, 28 Deireadh Fómhair 2021

Seó spleodrach chroíúil le fíorscoth an Oireachtais, á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill & Joe Ó Dónaill.  Beidh fonnadóirí & lucht steipeanna, scéalaithe, ceoltóirí agus carachtair éagsúla eile ag bailiú anoir, aniar, aduaidh & aneas don ócáid. Coinnigh súil amach do na réaltaí óga agus bioraigh do chluais do na lúibíní & na hagallaimh bheirte úrnua. Buail do chois i dteannta Seaimpín an Damhsa, Ruadhán Ó Flatharta.  Seoid na bliana ón Oireachtas!

Beo ar TG4 agus ar www.antoireachtas.ie