Dé Sathairn - 24 Deireadh Fómhair 2020

Imeachtaí na Féile | Oireachtas na Samhna | An tOireachtas

Abair Amhrán Linn

11.00am, Dé Sathairn, 24 Deireadh Fómhair 2020

Ceol, Amhráin agus Scéalaíocht le Peadar Ó Riada, Máire Ní Choilm, Na Caisidigh, Nuadán, Áine Ní Ghlinn, An Chéad Ghlúin Eile (Étáin & Máire Ní Churraoin), IMLÉ agus Pádraig Ó Briain, á chur i láthair ag Seán Ó Ceallaigh.

Curtha in eagar ag Gael Linn le tacaíocht ó An tOireachtas do chlár Oíche Chultúir 2020.

Scáileán Leictreach 8-BIT Banjo le Lasairfhíona

12.00pm, Dé Sathairn, 24 Deireadh Fómhair 2020

Amhrán nua de chuid Lasairfhíona Ní Chonghaile.

Curtha in eagar ag Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin le tacaíocht ó An tOireachtas do chlár Oíche Chultúir 2020.

Scannán - Stair 6 Sráid Fhearchair

12.30pm, Dé Sathairn, 24 Deireadh Fómhair 2020

Stair 6 Sráid Fhearchair á chur i láthair ag Cuán Ó Seireadáin.

Curtha in eagar ag Conradh na Gaeilge le tacaíocht ó An tOireachtas do chlár Oíche Chultúir 2020.

Slua le Bua – Súil Siar

2.00pm, Dé Sathairn, 24 Deireadh Fómhair 2020

Cloisfear rogha de scoth an cheoil traidisiúnta ó dhaoine óga ar fud an oileáin a chur isteach ar an gcomórtas tallainne ‘Slua le Bua’ a reáchtáil Cumann na bhFiann le linn na Pandéime.

Curtha in eagar ag Cumann na bhFiann

Siansa Gael Linn – Súil Siar ar 2013

4.00pm, Dé Sathairn, 24 Deireadh Fómhair 2020

Scoth an cheoil traidisiúnta ó aos óg na tíre ó Chraobhchomórtas Siansa sa bhliain 2013.

Curtha in eagar ag Gael Linn

Oíche Airneáin le Pól Ó Ceannabháin agus a mhuintir

6.00pm, Dé Sathairn, 24 Deireadh Fómhair 2020

Ceol agus amhránaíocht den scoth le hAmbasadóir na Gaeltachta d’Oíche Chultúir, Pól Ó Ceannabháin agus a chlann.

Curtha in eagar ag muintir Uí Cheannabháin le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta d’Oíche Chultúir 2020.

STEIP - Súil Siar

7.15pm, Dé Sathairn, 24 Deireadh Fómhair 2020

Súil siar ar bhuaicphointí den phríomhchomórtas damhsa ar an sean-nós idir óg agus aosta ó 2010 – 2015.

Beo ar TG4

Céilí House

9.00pm, Dé Sathairn, 24 Deireadh Fómhair 2020
#OnaS2020

Craolfar eagrán speisialta den chlár, Céilí House, dírithe ar cheoltóirí agus phearsana Oireachtais.

Beo ar RTÉ Raidió 1

Gig Oíche Chultúir 2020 i gClub Chonradh na Gaeilge

10.00pm, Dé Sathairn, 24 Deireadh Fómhair 2020

Ceolchoirm den scoth a bhí ar chlár Oíche Chultúir 2020.

Ceol agus filíocht ó Róisín Seoighe, Ciara Ní É, Junior Brother, Andrew Jackson, Sam Ó Fearraigh, Tadhg, Ruairí Ó Fríl, Deoraí agus Colm Mac Con Iomaire á chur i láthair ag Niamh Ní Chróinín.

Curtha in eagar ag Club Chonradh na Gaeilge le tacaíocht ó An tOireachtas do chlár Oíche Chultúir 2020.