Dé Domhnaigh - 25 Deireadh Fómhair 2020

Imeachtaí na Féile | Oireachtas na Samhna | An tOireachtas

Bàrd-File-Bardd

12.00pm, Dé Domhnaigh, 25 Deireadh Fómhair 2020

Sár-léiriú filíochta leis na filí iomráiteacha, Ciara Ní É, Padraig Mac Aoidh agus Ifor ap Glyn. Díreoidh muid ar ár dteangacha dúchais, Gaeilge, Breatnais agus Gaeilge na hAlban agus ar na mothúcháin a spreagann siad ionainn, a chuimsíonn téamaí na rogha, an éada/na méine, an mheadhráin agus na todhchaí.

Curtha in eagar ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich le tacaíocht ó An tOireachtas do chlár Oíche Chultúir 2020.

Slua le Bua - Súil Siar

2.00pm, Dé Domhnaigh, 25 Deireadh Fómhair 2020

Cloisfear rogha de scoth an cheoil agus na n-amhrán nuachumtha ó dhaoine óga ar fud an oileáin a chur isteach ar an gcomórtas tallainne ‘Slua le Bua’ a reáchtáil Cumann na bhFiann le linn na Pandéime.  

Siansa Gael Linn – Súil Siar ar 2014

4.00pm, Dé Domhnaigh, 25 Deireadh Fómhair 2020

Scoth an cheoil traidisiúnta ó aos óg na tíre ó Chraobhchomórtas Siansa sa bhliain 2014.

Curtha in eagar ag Gael Linn.

Amhrán Dóchais

6.00pm, Dé Domhnaigh, 25 Deireadh Fómhair 2020

Seo Amhrán Dóchais le Muireann Nic Amhlaoibh, Emma Ní Fhioruisce, Niamh Varian-Barry, Gerry O'Beirne agus Ciarán Ó Gealbháin

Bhí an t-amhrán taifeadta i gCorca Dhuibhne, Gaoth Dobhair agus i nGaeltacht na Rinne.

Le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta d’Oíche Chultúir 2020.

Glórtha Ráth Chairn

7.30pm, Dé Domhnaigh, 25 Deireadh Fómhair 2020

Scoth an cheoil, amhránaíocht, damhsa agus scéalaíocht ó mhuintir Ráth Chairn.

Curtha in eagar ag Coiste Pleanála Teanga Ghaeltacht na Mí le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta d’Oíche Chultúir 2020.

The Rolling Wave

9.00pm, Dé Domhnaigh, 25 Deireadh Fómhair 2020
#OnaS2020

Craolfar eagrán speisialta den chlár, The Rolling Wave, dírithe ar amhránaithe agus phearsana Oireachtais.

Beo ar RTÉ Raidió 1

Amhrán is Ansa liom – Tomás Ó Neachtain

9.00pm, Dé Domhnaigh, 25 Deireadh Fómhair 2020

Beo ar TG4