Beo ar TG4
Cloisfear rogha de scoth na hamhránaíochta traidisiúnta ó dhaoine óga ar fud an oileáin a chur isteach ar an gcomórtas tallainne ‘Slua le Bua’ a reáchtáil Cumann na bhFiann le linn na Pandéime.
Scoth an cheoil traidisiúnta ó aos óg na tíre ó Chraobhchomórtas Siansa sa bhliain 2015.
Curtha in eagar ag Gael Linn
Beidh Siún Ní Dhuinn ag plé cúrsaí Faisean Inbhuanaithe le Caoimhe Ní Chathail a thabharfaidh leideanna agus spreagadh do choistí pobail faoin mbealach gur féidir leo siúd cabhrú le cúrsaí timpeallachta tríd na cinntí a dhéanann siad ó thaobh éadaí agus faisean de.
Curtha in eagar ag Glór na nGael
Físeán speisialta a dhéanann ceiliúradh ar cheol, amhránaíocht agus ealaíona béil Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh.
Curtha in eagar ag Coiste Pleanála Teanga Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta d’Oíche Chultúir 2020.