Beo ar TG4
Cé a lig Alan Titley isteach sa seomra?
Ar léigh tú Lúba, úrscéal nua Alan Titley go fóill? Seo do sheans cúléisteacht a dhéanamh ar chlub leabhar fíorúil agus Lúba á phlé ann. Bí ag éisteacht le glúin óg na Gaeltachta agus Lúba á chíoradh acu. Ach cé a scaoil an t-údar féin isteach sa seomra? Agus cad a shílfidh sé de na tuairimí a bheidh ag léitheoirí Lúba ar an úrscéal is déanaí seo uaidh?
Arna Eagrú ag An Gúm
Beidh ócáid chomórtha ar siúl ar líne ina ndéanfar ceiliúradh ar 40 bliain ó bunaíodh Údarás na Gaeltachta in 1980. Seolfaidh Cathaoirleach an Údaráis Anna Ní Ghallachair, leabhar comórtha, tabharfaidh Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh, léargas ar obair reatha na heagraíochta agus beidh comhrá le hiar-chomhaltaí boird de chuid an Údaráis freisin. Chomh maith leis sin seolfar taispeántas ealaíne, a choimisiúnaigh an eagraíocht go speisialta i gcomhar le hEalaín na Gaeltachta do chomóradh 40 Bliain Údarás na Gaeltachta, ó ghailearaí Ghaoth Dobhair chomh maith.
Arna Eagrú ag Údarás na Gaeltachta
Beidh Siún Ní Dhuinn ag plé cúrsaí ‘Tógáil Clainne’ le Cáit Verling, Síceolaí Cliniciúil agus le Stella Uí Chatháin, Tuismitheoir.
Curtha in eagar ag Glór na nGael
Seolfaidh Caitlín Nic Aoidh, láithreoir TG4, roinnt cluichí nua de chuid Ghlór na nGael.
Curtha in eagar ag Glór na nGael
Clár speisialta uair a chloig, á chur i láthair ag Dáithí Ó Muirí agus Caoimhe Chats Ní Chathail, ina ndéanann siad tochailt ar chartlann BBC Gaeilge ó Oireachtas na Samhna thar na mblianta, chomh maith le hábhar & craic beo ar an oíche.
Beo ar BBC Raidió Uladh
Beo ar TG4
Beo ar TG4
Craolfar an clár faisnéise 'Joe Steve: Idir Shúgradh & Dáiríre' in ómós do Joe Steve Ó Neachtain a d'imigh uainn ag tús na bliana seo. Aisteoir teilifíse, drámadóir, file, scríbhneoir gearrscéalta agus úrscéalta ab ea Joe Steve Ó Neachtain a raibh aitheantas bainte amach aige go forleathan.
Beo ar TG4