Beo ar TG4
Scéalaíocht den scoth a bhí ar chlár Oíche Chultúir 2020.
Curtha in eagar ag Dún Garbhán le Gaeilge le tacaíocht ó An tOireachtas d’Oíche Chultúir 2020.
Arna Eagrú ag Foras na Gaeilge
Beidh súil siar ar iomaitheoirí óga ag Oireachtais thar na mblianta á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill. Beidh mír nua-choimisiúnaithe léirithe ag Aniar TV i gcomhar le Tuismitheoirí na Gaeltachta le feiceáil sa chlár ina mbeidh páistí Gaeltachta páirteach ann.
Beo ar TG4
Gréasán sóisialta idirnáisiúnta do dhaoine LADTA+ le Gaeilge is ea an Queercal Comhrá agus beidh muid ag bualadh le chéile ar líne an 30 Deireadh Fómhair chun Oireachtas na Gaeilge agus Oíche Shamhna a cheiliúradh. Beidh an gnáthchraic agus comhrá ann ach beidh roinnt dínn gléasta i bhfeistis Samhna agus beidh amhránaíocht agus scéalta againn lena chois sin in ómós an Oireachtais. Bígí linn!
Tuilleadh Eolais: Beidh an teacht le chéile ar siúl ar Zoom. Tá an nasc le fáil ó Eoin Mc Evoy (ecfmevoy@gmail.com) nó https://www.instagram.com/queercalcomhra/
Seo chugainn turas ceoil, comhluadair agus craic, le clár speisialta d’Oireachtas na Samhna á chur i láthair ó stiúideonna an BBC i mBéal Feirste ag Caoimhe Ceol Ní Chathail. I measc na n-aíonna ar an gclár, beidh Irial Ó Ceallaigh, iománaí, amhránaí sean-nóis, tráchtaire spóirt agus aimsire atá ag cur faoi i mBéal Feirste.
Beo ar BBC Raidió Uladh