Dé Sathairn - 31 Deireadh Fómhair 2020

Imeachtaí na Féile | Oireachtas na Samhna | An tOireachtas

Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge

10.00am, Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair 2020

Scéalaíocht, filíocht agus ceol le Celia de Fréine, Réaltán Ní Leannáin, Seán Ó Muireagáin, Eithne Ní Ghallchobhair, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Feargal Mac Ionnrachtaigh, Zoe Conway agus John Mc Intyre.

Curtha in eagar ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge i gcomhar le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich.

An Chúirt Filíochta

12.00pm, Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair 2020

Léifear cuid de nua-fhilíocht na Gaeilge is fearr atá sa tír agus tabharfar deis don phobal aithne a chur ar fhilí na tíre.

Díospóireacht Gael Linn

1.30pm, Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair 2020

Rún: Is córas roghnúcháin cothrom é córas na bpointí
Cathaoirleach: Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn

Bronnfar Corn Gael Linn/The Irish Times, Bonn airgid an Oireachtais agus €200 an duine ar na buaiteoirí.
Bronnfar Bonn cré-umha an Oireachtais agus €100 an duine orthu siúd a thagann sa dara háit.

(Eagraithe i gcomhar le Caolán Mac Grianna, Comhordaitheoir Tríú Leibhéal, Conradh na Gaeilge agus le hOireachtas na Gaeilge)

Arna eagrú ag Gael Linn

Seimineár an Oireachtais

3.00pm, Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair 2020

Téama: Na Coláistí Samhraidh sa Ghaeltacht – Éiginnteacht & Éigeandáil?

Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge

Léamha Próis: Sliocht

4.30pm, Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair 2020

Beidh léamha próis nua le triúr scríbhneoirí Eithne Ní Ghallchobhair, Áine Uí Fhoghlú agus Pádraic Breathnach agus beidh míreanna cartlainne ann mar chuid de cheiliúradh 35 bliain Chló Iar-Chonnacht .

I rith na hócáide, cloisfidh muid an scéalaí Tom Bheairtle Tom Ó Flatharta agus an scéal ‘Donnacha Mór’ á aithris aige, an file Seosamh Ó Guairim ag léamh ‘Choo Choo na Traenach’. Beidh scéal ón mbéaloideas á aithris ag Sorcha Ní Ghuairim, ‘An Ceannaí Fírinneach agus an Ceannaí Bréagach’. Beidh an file Michael Davitt le cloisteáil agus an dán ‘Ár gCumann Diamhair’ á aithris aige. Cloisfidh muid Pádraig Ua Maoileoin ag aithris ‘I gCuimhne do Bháis, a Thomáis’, agus ‘Aifreann i mBrosna’ le Pádraig Ó Fiannachta. Ag deireadh na hócáide cloisfidh muid glór Mháire Mhac an tSaoi agus a dán ‘Filleann an tSeanmhuintir’ á léamh aici. 

Arna eagrú ag Cló Iar-Chonnacht

Seirbhís Mhachnaimh

5.15pm, Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair 2020

Curtha in eagar ag Cumann Gaelach na hEaglaise

Seoladh Leabhair - Gaillimh: Díolaim Cathracht

6.00pm, Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair 2020

Seolfaidh an tOllamh Gearóid Denvir, Uachtarán an Oireachtais 2020, an leabhar nua Gaillimh: Díolaim Cathrach, atá curtha in eagar ag Brian Ó Conchubhair agus foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht.

Is dlúthchuid í an Ghaeilge agus litríocht na Gaeilge de shaíocht, d’oidhreacht agus de shaibhreas na cathrach. Tugann an díolaim seo de phrois agus d’fhilíocht spléachadh ar na slite éagsuìla ar léiríodh, ar samhlaíodh agus ar tuigeadh príomhchathair an Iarthair, príomhchathair na Gaeilge, d’údair agus d’fhilí éagsúla Gaeilge.

STEIP – Súil Siar

7.15pm, Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair 2020

Súil siar ar bhuaicphointí den phríomhchomórtas damhsa ar an sean-nós idir óg agus aosta ó 2015 - 2019.

Beo ar TG4

Ceiliúradh an Oireachtais

9.00 - 10.30pm, Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair 2020
#OnaS2020

Á chur i láthair ag Máirtín Tom Sheáinín

Beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta