An bhfuil spéis agat cuir isteach ar an gcomórtas scéalaíochta i mbliana ag Oireachtas na Samhna?
Féach ar an bhfíseán thíos le tuilleadh a fhoghlaim maidir le traidisiún na scéalaíochta agus chun cúpla leide a fháil ó shaineolaí na scéalaíochta, an Dr. Pádraig Ó Héalaí.
Cloisfidh tú chomh maith ó mhaistrí na ceirde agus scéalta ó cheantair Ghaeltachta éagsúla á rá acu. I measc na scéalaithe atá páirteach tá, Gearóidín Breathnach, Tomás Ó Luing, Máirín Mhic Lochlainn & Eoghan Ó Curraighín a bhfuil an príomhchomórtas scéalaíochta ag Oireachtas na Samhna buaite acu ar fad.