Beidh Oireachtas na Samhna ag filleadh ar Chill Airne, Co. Chiarraí i mbliana ón 1 - 5 Samhain 2023.
Is in Aonach an Oireachtais taobh leis an INEC a bheidh na seastáin agus beidh seisiúin & ócáidí eile ar siúl ar Ardán an Aonaigh i rith na féile.
Spriocdháta d'áirithintí: 8 Meán Fómhair 2023.
Seo a leanas na rátaí fógraíochta agus seastán d’fhéile na bliana seo:
PACÁISTE CORPARÁIDEACH NA FÉILE: €1,250
- SEASTÁN in Aonach an Oireachtais ar feadh 3 lá
- FÓGRA lánleathnanaigh (A5) i gclár oifigiúil na féile
- FÓGRA bliantúil ar shuíomh gréasáin an Oireachtais
- DHÁ CHÓIP de chlár oifigiúil na féile
- DHÁ OLLTICÉAD d’Oireachtas na Samhna a thabharfaidh iontráil isteach chuig gach imeacht
Mura dteastaíonn uait an pacáiste corparáideach a ghlacadh, féach thíos na roghanna aonair d’fhógra agus/nó seastán.
Tá dhá mhodh éagsúla le seastáin & fógraíocht a cheannach d’Oireachtas na Samhna:
- Ar líne (tríd córas PayPal thuas)
- Seic/ordú poist: Is gá sonrasc pro-forma a lorg ó oifig an Oireachtais trí ríomhphost agus é a sheoladh chuig airgeadas@antoireachtas.ie
Má tá tuilleadh eolais maidir le pacáistí na féile uait, is féidir teagmháil a dhéanamh le: Séamus Mac Donnacha, Oifigeach Feidhmiúcháin ag seamus.macdonnacha@antoireachtas.ie nó +353 87 941 0429