San eagrán seo, tabharfar blaiseadh (Caibideal 1-9) den leabhar 'Boscadán' le hÁine Ní Ghlinn a bhuaigh an comórtas Úrscéal Fiscean do Dhaoine Óga (9-12) de chuid Chomórtas Liteartha an Oireachtais 2017 agus Gradam Réics Carló 2019.
Faoin Údar
File, scríbhneoir agus léachtóir is ea Áine Ní Ghlinn. Tá sí ina Laureate na nÓg don tréimhse 2020 – 2022.
Tá 31 leabhar foilsithe aici - 5 chnuasach filíochta do dhaoine fásta, 2 chnuasach filíochta do dhaoine óga, cnuasach miotaseolaíochta d'fhoghlaimeoirí fásta, drámaí, scéalta agus úrscéalta do dhaoine óga (idir dhéagóirí agus pháistí).
Bronnadh Patrick Kavanagh Fellowship uirthi sa bhliain 2019.
I measc na nduaiseanna atá buaite aici tá Duais Fhoras na Gaeilge, Seachtain na Scríbhneoirí, Lios Tuathail 2019 & 2020, Duais de hÍde, Féile Bhéal na mBuillí 2019 & 2020, Gradam Reics Carló Leabhar na Bliana faoi thrí do na leabhair Daideó (2014), Hata Zú Mhamó (2016) & Boscadán (2019) agus duaiseanna Oireachtais do dhrámaí agus úrscéalta do dhaoine óga.