Buaiteoir Buaic-Shaothar Próis na Bliana de chuid Chomórtas Liteartha an Oireachtais 2019 agus Buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin 2020, Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta, 'Máchail' le Ré Ó Laighléis, foilsithe ag Móinín.
Faoin Leabhar
Úrscéal comhaimseartha, ina gcuireann muid aithne ar Chormac Mac Guidhir, ógfhear atá ag tráth ina shaol a bhfuil sé gafa le fearg, le fuath agus le fonn díoltais! Chonaic sé an crá croí a d’fhulaing a athair de bharr, mar a fheiceann Cormac é, spídiúlacht agus fheannadóireacht chleas an airgid, lucht na mbanc, ach go háirithe.
Scéal díoltais atá anseo ar leibhéal amháin ach, mar is dual do Ó Laighléis, tá i bhfad níos mó ná leibhéal amháin sa scéal seo! Inseacht chineálta, ealaíonta, dhrámata ar úrscéal nach mbeidh tú in ann a leagan uait go mbeidh an leathanach deireanach alptha agat. Saothar atá eisceachtúil ar an uile bhealach! Seo chugat dhá chaibideal as chun blaiseadh beag a thabhairt duit ar an scéal.
Faoin Údar
Is úrscéalaí, gearrscéalaí agus drámadóir é Ré Ó Laighléis a bhfuil aitheantas agus gradaim bronnta air dá shaothair go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Scríobhann sé i nGaeilge, i mBéarla agus i bhFraincis, agus do léitheoirí den uile aois, agus tá an-chuid dá scríbhinní aistrithe go teangacha éagsúla. Le blianta fada anuas, tá éileamh mór air chun léamhanna agus ceardlanna a thabhairt anseo in Éirinn, sa Bhreatain, san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh.
Is as Sail an Chnocáin i mBaile Átha Cliath dó, ach tá cónaí air sa Bhoireann i gContae an Chláir ó 1992 i leith.