Bronnadh an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2018 ar an úrscéal seo agus bhain an leabhar gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin amach sa bhliain 2019.
Rinneadh cur síos ar Phroinsias Mac a’ Bhaird mar ‘Dan Brown na Gaeilge’ nuair a foilsíodh Rún an Bhonnáin (LeabhairCOMHAR, 2010) agus is cinnte go bhfuil an bheocht, an mhistéir agus an phlotaireacht bhríomhar chéanna, a choinneodh i do shuí mall san oíche thú, san úrscéal seo uaidh.
Seo Proinsias ag léamh caibidil a haon agus a dó.
Údar: Proinsias Mac a’ Bhaird
Is as Árainn Mhór Thír Chonaill do Phroinsias. Bhain a chéad leabhar Cogar san Fharraige (Coiscéim, 2002) le béaloideas Árainn Mhór. Tá trí chnuasach filíochta scríofa aige, dhá úrscéal, An Tairiscint (Coiscéim, 2005) agus Rún an Bhonnáin (LeabhairCOMHAR, 2010), agus leabhair do dhaoine óga. Tá gearrscéalta, drámaí agus amhráin scríofa aige chomh maith.
Is iomaí duais atá bainte aige as a chuid scríbhneoireachta. Léann sé go rialta ag féilte litríochta agus ealaíne agus scríobhann sé ó am go céile in irisí liteartha agus sna meáin eile. An fharraige, saol an oileáin, ceol, béaloideas agus an stair is mó a mhúsclaíonn a dhúil.