Ceaití Ní Bheildiúin a bheidh le cloisteáil san eagrán seo de Seoda Ón Taisce Liteartha, ag léamh Agallamh sa Cheo, Cnoc Bhréanainn a bhain an chéad duais i gComórtas A9: Cnuasach Filíochta i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2018. D’fhoilsigh Coiscéim é sa bhliain 2019.
Bronnadh Gradam Filíochta Mhichíl Uí hAirtnéide 2021 ar Cheaití don chnuasach céanna agus más drámatúil é an leabhar Agallamh sa Cheo, Cnoc Bhréanainn, ní ceart iontas a bheith orainn mar is drámadóir í Ceaití Ní Bheildiúin chomh maith le file.
D’fhoilsigh Coiscéim trí chnuasach eile óna peann: Meirge an Laoich (2013) Púca Gan Dealramh (2010) agus An Teorainn Bheo (2007), cnuasach eile a bhain duais Oireachtais amach sa bhliain 2007. Stáitsíodh dhá ghearrdhráma dá cuid sa Lab, sa Daingean, Port na Mammies (2010) agus Triúr (2013).
Seo í Ceaití ag léamh mír a trí óna cnuasach buacach.