Bhain an saothar An Diabhal ar an Ól le Mícheál Ó Conghaile an chéad duais amach i gComórtas A3: Ficsean do Daoine Óga (13-15) i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2014.
Tá Mícheál ag scríobh le blianta fada anois agus clúdaíonn a chuid scríbhneoireachta réimse leathan seánraí ó úrscéalta & drámaí agus tá aistriúcháin déanta ar ghearrscéalta dá chuid chuig Albáinis, Rómáinis agus Cróitis. Bhunaigh sé an teach foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnacht sa bhliain 1985.
Is iomaí duais liteartha atá bainte amach ag Mícheál, ina measc tá an Irish Book Award (1988), Príomhdhuais Litríochta Hennessy (1997) agus Gradam Choilm de Bhailís (1995). I measc na nduaiseanna atá bainte amach aige i gComórtais Liteartha an Oireachtais tá Duais an Mhaolánaigh a bhuaigh sé in 1985, 2000 agus 2001, duais Chomórtas Cuimhneacháin Dhonncha Uí Chéilleachair sa bhliain 2000 agus duais Chomórtas Cuimhneacháin Sheáin Uí Éigeartaigh i 1999. Tá duaiseanna bainte ag saothar dá chuid saothar drámaíochta agus scripteanna teilifíse i gComórtais Liteartha an Oireachtais chomh maith.
San eagrán seo den phodchraoladh, cloisfear Mícheál ag léamh na scéalta An Diabhal ar an Ól, An Clann Craiceáilte agus Cuairteoirí, óna leabhar An Diabhal ar an Ól, leabhar ina dhéantar athinsint ar scéalta béaloidis ón gCian-Oirthear. D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht é sa bhliain 2013.