Bhuaigh Caitríona Ní Raifeartaigh An Chéad Duais i gComórtas B9 – Gearrscéal nó Aiste: Roinn A (faoi 16) lena aiste An tOireachtas thríd Súile Ghasúir i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022.
Tá Caitríona 13 bliain d’aois agus as An Teach Mór, Indreabhán i gCo. na Gaillimhe di. Tá sí sa dara bliain i gColáiste Chroí Mhuire Naofa ar an Spidéal.
Glacann sí páirt go minic sna comórtais amhránaíochta, agallamh beirte agus lúibíní ag Oireachtas na Samhna, ach ba í seo an chéad bhliain di i mbun pinn sna comórtais liteartha.
Bíonn Caitríona ag imirt camógaíocht agus liathróid láimhe agus seinneann sí an fhidil. Tá baint mhór aice le Ceoltóirí Chois Fharraige agus tá alt eile léi le léamh ar an suíomh www.taiscecf.ie, i gcuimhne ar an gceoltóir Johnny Connolly - cara mór eile de chuid an Oireachtais!
San eagrán seo den phodchraoladh, cloisfear Caitríona ag léamh An tOireachtas Tríd Súile Ghasúir, cuntas ar a thaithí ar Oireachtais na Samhna ó bhí sí dhá bhliain d’aois!