Bhuaigh an saothar Cogadh don Chorn le Naoise Ní Fhuireastal an chéad duais i gComórtas B1 – Aiste: Roinn A (faoi 16) i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022.
Tá Naoise sé bliana déag d’aois agus tá sí ag freastal ar Ghaelcholáiste Chéitinn, Cluain Meala, Co. Thiobraid Árainn.
Rugadh agus tógadh í le Gaeilge faoin tuath gar do Chluain Meala agus tá sí sáite sa chultúr Gaelach ón gcliabhán. Tá an-suim aici sa cheol traidisiúnta agus sa C.L.G. Seinneann sí ar an gconsairtín, ar an gcruit agus ar an bpianó. Imríonn sí peil Ghaelach le Tráchtálaithe Chluain Meala. Bíonn sí ag freastal ar cheardlanna ceoil timpeall na tíre lena deartháir gach samhradh, áit a mbíonn spórt agus scléip acu.