Bhuaigh an scéal Crann Siógach le Cara Ní Ghallachóir an dara duais i gComórtas B5 – Scéal: Roinn A (faoi 16) i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022.
Tá Cara deich mbliana d'aois agus tá cónaí uirthi i nGaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall i gCró na gCaorthann, Ard an Rátha. Tá sí ag freastal ar Scoil Náisiúnta Mhín Tine Dé agus tá sí i rang a ceathair.
Tá sí paiseanta faoin Ghaeilge agus tá suim ar leith aici sa léitheoireacht agus sa scríbhneoireacht. Is maith léi peil Ghaelach agus tá bua na haisteoireachta aici chomh maith. Tá go leor duaiseanna bainte aici sna gnéithe seo.
Ba mhaith le Cara a bheith ina mhúinteoir nuair atá sí níos sine.
San eagrán seo den phodchraoladh, cloisfear Cara ag léamh Crann Siógach, scéal ina bhfuil sióga ag ullmhú féasta mór chun ceiliúradh a dhéanamh ar an Nollaig.