Is as Bréanainn sa Leitriúch i gContae Chiarraí do Mhícheál ó dhúchas ach tá cónaí air i mBaile Átha Cliath ó 1980. Tá cúig chnuasach filíochta Gaeilge foilsithe aige chomh maith le ceann amháin i mBéarla. Tá roinnt mhaith duaiseanna buaite aige lena chuid filíochta agus foilsíodh dánta dá chuid i ndíolaimí éagsúla. Bhuaigh an bailiúchán dhátheangach, Dambatheanga: Damlanguage (Arlen House, 2014) an chéad duais i Comórtas A7: Cnuasach Filíochta i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2014. Bhuaigh sé Duais de hÍde ag Féile Filíochta Bhéal na mBuillí i 2018. Tá a chnuasach nua filíochta Treaspásóir: Trespasser díreach foilsithe ag Arlen House.
Maidir leis an bPrós, tá dosaen úrscéal curtha i gcló aige le scór bliain anuas agus duaiseanna bainte amach ag cuid acu i gComórtais Liteartha an Oireachtais thar na blianta. Ina measc sin, tá Trasna na dTonnta (Comhar, 2001); Bás i mBaile an Ghorta (Comhar, 2003); An bhFaca Éinne Agaibh Roy Keane? (Coiscéim, 2003); Míle Murdar! (Comhar, 2005); Tóraíocht Taisce (Cois Life, 2012); Fianaise (LeabhairComhar, 2012). Tháinig Fianaise Bhreise (LeabhairComhar) mar chomharba ar an gcéad cheann sa bhliain 2019 agus tá súil aige go gcríochnófar an thriológ ar an bhliain seo chugainn.
Maidir le gearrscéalta, tá neart duaiseanna buaite aige thar na blianta le scéalta aonair i gComórtais Liteartha an Oireachtais. D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht an dá bhailiúchán gearrscéalta Na Lucha ag Rince (2009) agus Daoine a Itheann Daoine (2010). Bhuaigh Daoine a Itheann Daoine an phríomhdhuais i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2009.
Faoi láthair tá saothar próis bunaithe ar a thréimhse ollscoile agus a shaothar iriseoireachta seolta ar aghaidh go dtí Coiscéim aige agus tá cnuasach filíochta dinnseanchais agus bailiúchán nua gearrscéalta ar na bacáin.