Is as Ard an Rátha i ndeisceart Dhún na nGall d’Eithne Ní Ghallchobhair. Is scéalaí agus scríobhneoir í agus tá duaiseanna Oireachtais agus eile bainte amach aici sa dá cheird, An Carria a bhain an chéad duais i gComórtas A5 – Gearrscéal (Duais an Mhaolánaigh) in 2013 ina measc. Tá an-dúil aici sa dúlra agus sa bhéaloideas agus is minic í ag tarraingt orthu seo mar théamaí ina cuid scríbhneoireachta.
Foilsíodh leabhar gearrscéalta, Súil sa bhliain 2018, úrscéal i bhfoirm véarsaíochta, Múscail, a Ghiorria, sa bhliain 2020, agus an eipic, An Craiceann agus a Luach sa bhliain 2021. Tá gearrscéalta foilsithe aici in Comhar, Irish Writing, agus Bláth na dTulach.
Tá saibhreas teanga ar leith ina cuid scríbhneoireachta a thagann ón traidisiún béil.