Bhuaigh an dán M’abhainn le hAisling Ní Shúilleabháin an dara duais i gComórtas B7 – Dán: Roinn A (faoi 16) i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022.
Is as Baile an Éanaigh, i nGaeltacht Chorca Dhuibhne d’Aisling Ní Shúilleabháin. Tá sí ceithre bliana déag d'aois agus tá sí ag freastal ar Phobal Scoil Chorca Dhuibhne.
Scríobh sí an chéad véarsa den dán seo i rith na dianghlasála nuair a bhí an scoil dúnta agus breis ama á chaitheamh aici lasmuigh. Scríobh sí an dara véarsa nuair a bhí sí ar ais ar scoil.
Tá suim ag Aisling sa cheol traidisiúnta agus sa spórt. Seinneann sí an consairtín agus imríonn sí cispheil.